Scoil: Baile Choitín (C.) (uimhir rolla 16110)
- Suíomh:
- Baile Choitín, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Caitlín Ní Rignigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is mó scéal suimeamhail i taobh ár Slánathóra atá i mbéalaibh na ndaoine. Scéal ana shuimeamhail iseadh an scéal i dtaobh an "Cros Ghobh." Nuair do chéas Giúdaigh Íosa Críost Aoine Chéasta. Núair abhí ár Slánuightheor táirnighthe ar an gCroich aca d'imthigh siad abhaile. D'fhág síad an Croch ina seasamh agus Íosa céasta uirti.
Taréis tamaill tháinig an t-éan beag san thart. Connaic sé Íosa céasta ar an gCroich agus bhí truagh mhór aige Dhó. "Saorfaidh mise Thú, a Íosa," ars' an t-éan. Dhein sé iarracht leis na táirngí a tharraingt amac as corp Íosa le na ghob. Acht bhí na táirngí ró-mhór agus ró láidir agus theip air a dtarraingt amach.
Ní raibh a ghob sáthach láidir leis na táirngí a tharraingt. Dhein sé íarracht agus íarracht agus íarracht len dtarraingt. Cham sé a ghob insan t-slighe sin. Agus sin é an fáth go bhfuil cros-gob air ó shoin. "Cros-ghob" is ainm dó. Tá brollach dearg air leis mar tá ar an spideóig. Nuair bhí sé ag iarraidh na dtáirngne a tharraingt chuimil sé leis an bhfuil abhí ar lamha agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlís Ní Sleimhne
- Inscne
- Baineann