Scoil: Baile Choitín (C.) (uimhir rolla 16110)
- Suíomh:
- Baile Choitín, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Caitlín Ní Rignigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Insan bparróiste seo tá cúig no sé ceardchanna acht insan gceanntar níl act aon ceardcha amhain. Tuas i mBaile an Géana atá sé suidhte agus tá sé cupla slat ón mbothar. Is le muinntir "Fabhaois" (?) é agus níor gaibhne a mhuinntir rómpa. Ní ceann tuighe ná ceann slinne atá air acht ceann sionca.Tá cuma ar an doras fé mar a chidhfeá ar tig comhnuidhthe. Níl acht teallach insan gceardchain agus tá builg mhóra chun séíde fe'n dteine aige, agus níor deineadh san ait íad. Cuireann sé cruidhte fé capallaibh agus fé asail act ní cuireann sé crúidhte fé bhuaibh ná fé bhallánaibh. Ní deineann sé úirlisí feirme act deisigheann sé íad. Deineann sé geataí agus cuireann sé buinn ar rotaibh act ní cuireann sé spealtraca i dtreó. Deineann an gabha cruidhte do cur fé chapallaibh agus buinn do cur ar rothaibh amuigh fe'n air.Deirtear go bfuil uisce ceardchan ana mhaith cun faithinne agus fuactán do leigheas, act níl aon tráct ar aon usáid a deintear des na bluirí dearga íarainn(leanann ar an chéad leathanach eile)