Scoil: Baile Choitín (C.) (uimhir rolla 16110)
- Suíomh:
- Baile Choitín, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Caitlín Ní Rignigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Deirtear gur comhartha fearthaine é, an ghealach a bheith ar a drom nó "fáinne" a bheith mór thimpeall uirthí. Is cómhartha seacha na réalta abheith go geal ins an spéir. Creideann siad leis go mbeadh droch-shín ann dá mbeadh bogha-leach ins an spéir ins an tráthnóna ach creideann siad go mbeadh aimsir breágh ann dá mbeadh sé ann ins an maidin. Is gaoth andeas agus aniar andeas a seideann an cuid is mo fearthainne leó. An gaoth adthuaidh bíonn siad fuair. Is cómhartha fearthainne é an cat a bheith in a shuidhe cois na tune agus a dhrom iompuighthe léi. Samhluightear dúinn go mbíonn na cnuich ana gár dúinn nuair a bíonn an fearthaine ag teacht. Uaireanta cúntar bád den cutar abíonn ar na tonntacha deirtear gur cómhartha um stuirme é. Nuair a thagann na drúcanigh go dtí an talamh sin cómhartha eile go mbeadh aimsear breádh againn.