Scoil: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag
- Suíomh:
- An Sciobairín, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Mícheál Ó Cuileannáin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 248](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0398%2FCBES_0398_248.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 248
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag
- XML Leathanach 248
- XML “Sárú Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (Súsán Ní Chárthaig do fuair ó Dhomhnal Ó Drisceoil ón Ráth)
Bhí fear darbh ainm Seán Ó Coileáin na chomhnuidhe i nGleannaghort os cionn Loch Adhain. Do bhí páirceanna ar chliathán an chnuic aige agus iad ag eirghe os cionn a chéíle ar nós staidhre.Do bhain sé aiteann i bpáírc acu lá, agus do bhailig sé na huthóga len a ch'rán agus len a ghabhloíg. Shocruig sé go deas i mbeart in áirde ar chlaidhe iad, agus dfháisg sé an beart go maith. Sheasaimh sé ansan le hais a' chlaidhe chun an beart do chur ar a mhuin, ach do réír dheabhraimh thairigh sé an téad ró thréan, agus do ghluas an beart thar a cheann amach, agus do sciúd le fanaig síos.D'fhéách Seán ar an mbeart ar feadh tamai agus ansan do labhair sé:"Is minic a chualag gur tar(a) éís a chítear gach tuathbheart, ach romham amach a chímse í."- Bailitheoir
- Súsán Ní Chárthaigh
- Inscne
- Baineann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Drisceoil
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Ráth Mhór, Co. Chorcaí