Scoil: Baile Giolla tSionáin (C.)
- Suíomh:
- Baile Mhic Giolla tSeanáin Uachtarach, Co. Luimnigh
- Múinteoir: Máiréad, Bean Uí Chathaláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Seo cuid de sna piseogaibh go mbíodh baint aca le lá Bealtaine...”
(ar lean ón leathanach roimhe)Seo cuid de sna piseogaibh go mbiodh baint aca le lá Bealtaine. Cuirtí an teine i n-éag istoidhche, oidhche lae Bealtaine, ar fuaid na dúithche, agus ní deintí í lasadh arís go dtí tar éis eadarthra amáireach. Ach lá Bealtaine, dá mbeadh sé de mhí-ádh ar dhuine í adú roimh aimsir eadarthra, nó go dtí go mbeadh na ba crúidhte, pé scéal é , bheadh drochchómharsa mná éigin, b'fhéidir, ag faireadh ar a thigh, féachaint an bhfeicfeadh sí an deatach ag éirighe as roimh eadarthra cun a cuid piseoga do cur i bhfeidhm. Nuair a chífeadh an droichbhean so an deatach, bheadh ceirtlín de rud éigin aici i bhfuirm rolla ime, agus bheadh sí 'á chaitheamh fé dhéin an deataigh agus focail éigin mar seo ar siubhal aici, cun an ime bhreith léi ón gcómharsain:- "Im an deataigh seo ar mo chuid bainne-se," agus mar sin de, go dtí go mbeadh an t-im beirthe léi aici, dar léi.
Slí eile do bhiodh ag mná na bpiseog cun bainne a gcómharsan a' breith leo. Théigheadh siad i bhfolach i n-aice na h-áite go mbíodh na ba dá gcrúdhadh , agus bhídís ag faireadh le súil go ndéarmhódfadh an té bheadh ag crúdhadh na mbó an bhuarach. Cheangluighidís ar an gclabhar í; chuiridís soitheach fúithí, agus chrúdhaidís í mar a chrúdhfadh siad bó. Annsan bheadh bainne a gcómharsan aca.- Bailitheoir
- Máiréad Bean Uí Cathláin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 46
- Seoladh
- Baile Mhic Giolla tSeanáin Uachtarach, Co. Luimnigh