Scoil: Baile Giolla tSionáin (C.)

Suíomh:
Baile Mhic Giolla tSeanáin Uachtarach, Co. Luimnigh
Múinteoir:
Máiréad, Bean Uí Chathaláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0480, Leathanach 039

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0480, Leathanach 039

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Giolla tSionáin (C.)
  2. XML Leathanach 039
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Chreideadh na daoine, leis, go ndeineadh seanamhná go mbíodh diabhlaidheacht aca girrfhidhthe díobh féin...

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Chreideadh na daoine, leis, go ndeineadh seanamhná go mbíodh diablaidheadcht aca girrfhidhthe díobh féin, agus go dtéighidís ag cnáthairt na mbó sa mhacha maidin lae Bealtaine, agus ná bhíodh aon rath ar na buaibh as san amach. Pé beag mór bainne bheadh aca as san amach, is ró-bheag an toradh bheadh air go deimhin, de bhárr diabliadheacht na "ngirrfhidhthe" maidin laé Bealtaine.
    Seo nós atá age sna daoinibh fós sin é, an Samhradh a thabhairt isteach froimh éirge gréine maidin lae Bealtaine. Dá néireócadh an ghrian ortha sara dtabharfaidís isteach é, ní bheadh a gcoin féin den t-Samhradh aca an bhliain sin. Dá brígh sin bíonn duine éigin aca ag faireadh féachaint cathain a bhrisfeadh an mhaidean, cun bheith 'na shuidhe, agus craobhacha glasa do bhreith isteach leis. Nuair a bhriseann an mhaidean amach leis an bhfairire, agus téigheann sé fé dhéin crainn cuilinn agus bhriseann craobh de; annsan téigeann sé agus bhriseann sé craobh den coll, craobh den trom annsan, craobh cárthain, agus craobh fuinnseoige.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
    2. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máiréad Bean Uí Cathláin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    46
    Seoladh
    Baile Mhic Giolla tSeanáin Uachtarach, Co. Luimnigh