Scoil: Creathlach, Mainistir na Féile (uimhir rolla 16371)
- Suíomh:
- An Chreatalach Thiar, Co. Luimnigh
- Múinteoir: Dáithí Mac an Bháird
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Scéal
Éan an Cheoil BhinnBhí lánúin ann fadó agus do bhí aon mhac amháin acu. Ní raibh an mac ach cúpla blian d'aois nuair a fuair a mathair bás agus d'fhág san ina dhilleachta é ag brath ar a athair. Ní fada a bhí a mháthair caillte nuair a phós a athair thar n-ais. Tar éis tamaill, do bhí triúr mac ag an mnaoi. Do bhí saol an-chrua ag an ndílleachta ón leasmháthair agus do bhíodh air gach obair a bhain leis an tigh a dhéanamh. Aon lá amháin, do chuadar amach ag siúl agus an dílleachta lena gcois. Do dheineadar drochbheart agus nuair a thángadar isteach, do chuireadar an milleán ar an dílleachta. Bhí san go maith agus ní raibh go holc. Lá eile do mharaíodar cú agus dúradar gurb é an dílleachta do dhein é. Do bhí an-fhearg ar a athair chuige agus dúirt sé leis mura n-iompródh sé é féin go gcaithfeadh sé scarúint leis. Ní raibh ach an méid sin ráite ag a athair nuair a tháinig comharsa isteach agus dúirt sí lena athair gan(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Daithí Mac an Bháird
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Eibhlís Ní Chatháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 22