Scoil: Athea (uimhir rolla 15686)
- Suíomh:
- Áth an tSléibhe, Co. Luimnigh
- Múinteoir: M. Bean Uí Dhanachair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Athea
- XML Leathanach 337
- XML “Seán Aerach agus an Bás”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (Séan Ó Flanagain do Chúm)I
Ar bóthar Luimnighe do bhuail an bás liom
Na Ghaduidé ghrána ‘s a dhrom le claidhe
Do dhruid sé i’m choinnibh is do chraith sé lámh liom
A’rádh “A shéain bhoicht, cé an nós ataoi”
Tá mé tinn, dubhach, tuirseach, cnáidthe
O’s na cúig mhála ‘tá ar agaidh mo chroidhe
Leag ar an dtalamh iad agus gluais liom láithreach
Go gleann aoibhinn aluínn agus déin aithrigheII
D’fheácas suas ar an ngaduidhe ghrána
‘S d’iarrais spás air go ceann trí mhí
Go téidhinn abhaile go dtí an sagart mánla
An sagart do b’fearr a bhí i néide Chríost
Annsúd do gheobhair mé i dtig an tabhairne
I measc na sar-fear ag ól na dighe
Is deirim go deimin duit dá bhfaighinn mo slaínte
Gurbh fhada ón áit seo do gheobhair mé airís(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Domhnaill Uí Chearabhail
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort na gCros, Co. Luimnigh