Scoil: Carrickerry (B.) (uimhir rolla 11280)
- Suíomh:
- Carraig Chiarraí, Co. Luimnigh
- Múinteoir: Seán Ó Conaill
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0487, Leathanach 395](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0487%2FCBES_0487_395.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0487, Leathanach 395
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Carrickerry (B.)
- XML Leathanach 395
- XML “An Tiarna Talún”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá mise in mo chómhnuí i nGleannsearúil. Is ann a rugadh agus a thógadh m'athair, leis. Tá sé breis agus seasca bliain d'aois agus is cuimhin leis Cogadh na Talmhan san áit seo.
Talamh fluic, fúar, fíadhain, searbh a bhí san chuid is mó de Ghleannsearúil an uair úd agus mar bárr ar ghac mí-ádh droc Thígearna Talmhan a bhí ar an áit.
De réir mar deirtear liom, bhí Tíghearna maith ar an áit díreach roimh an t-am san. Mr. Yielding dob ainm dó. Fear lághac dob eadh é. Bhí sé go maith dos na tionóntaithe agus bhí síad-san an-cheanamhail air. Tá cuid dá shliocht in a gcómhnuí in aice na h-áite fós agus is mór an meas atá ag lucht na h-áite ortha.
Ní raibh Mr Yielding ró-shaidhbir agus le h-imtheacht aimsire b'éigin dó scaramhaint mar Thighearna Talman leis an áit agus í do dhíol. Ba bhrónadh an lá do mhuinntear na h-áite an lá san.
Cheannuig Mr John C. Delmage an áit. Fear sanntac dob eadh eisean agus tá gráin ag muinntear na h-áite fós d'á ainm agus do réir na scéalta a innstear 'na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádruig O Néill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Gleann Searúill, Co. Luimnigh