Scoil: Broadford, Ráthluirc
- Suíomh:
- Béal an Átha, Co. Luimnigh
- Múinteoir: Ss. Ó Guagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)turus ar an áit, le linn do na Gearaltaig a bheith ‘na gcomhnaidhe ann.
Tá cur siós déanta aige oBruadair ar áiteanna thart – timcheall mar atá “Fairche an Triúin” áit atá ós comhair an Caisleáin Amach ar an dtaobh theas. “An Cnocán Ruadh” – ardán atá le h - ais an chaisleáin
Ag trácht ar “bhás Eamoinn“ dó shamhluigheann sé dúinn na cnuic agus na h-aibhne is na gleannta sa chomharsanacht ag déanamh comh - bhróin leis, ‘na bhás, mar seo : - “Atá bunóch cúmogach casta,
Ó Thulaig anuas ‘na cuil deataigh
An Fhionnghlais fós iar sódh i seascar
Is tobar an géidh gan léas a lachta “
Fairche:-Baile fearann mór, cnocach é seo. Tá an leath theas den t sráid seo suidte ann. Sroiseann sé ó dheas go teórainn Chorcaige. Sé an ciall atá leis an bhfocal “fairche” annso ná “An talamh a bhaineann leis an dteampall”, (Cill Achadh o Liatháin) nó “Church Lands”
Tá Cnoc an Chairn suidhte i lár an bhaile fearainn se. Tá se timceall 750 troig os cionn comh throm na fairrge. Tá Cnoc na Ceárdchan ar an dtaobh theas de.(leanann ar an chéad leathanach eile)