Scoil: Clochar San Pól, Cill Fhíonáin (uimhir rolla 13026)
- Suíomh:
- Cill Fhíonáin, Co. Luimnigh
- Múinteoir: An tSr. Bernadette
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a chítear fáinne sholuis mór thimcheall na gealaighe cómharta iseadh é go mbeidh fearthainn go flúirseach againn.I rith an t-Samhraidh nuar a bhíonn na fáinleóga ag éitealt in-aice na talmhan sin cómhartha feartainne.Do chreid na sean-daoine nuar a thuit an súgh anuas an séimné ar fuid an urláir 'na cnapóga beaga sin cómhartha go mbeidh fearthainn againn sar i bhfad.Nuair a iompuigheann an deatach ar fuidh an tighe in ionad dul suas an séimné cómhartha iseadh é go mbeidh sé ag cur sheacha.Má fhanann an ceó ós cionn na h-abhann cómhartha deagh aimsire iseadh é, ach nuair a fhanann sé ar na cnocaibh cómhartha fearthainne iseadh é.Nuair a bhíonn an spéir dearg um thrátnóna ar an iorthar, cómhartha deagh aimsire, ach má bhíonn sé dearg ar maidin cómhartha stuirme uabhásach 'sead é.Nuair a bhíonn bogha baistíghe ins an spéir bíonn aimsir ceathach ag teacht.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cáit Ní Fheórthais
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Fhíonáin, Co. Luimnigh