Scoil: Convent of Mercy, Carraig na Siúire (uimhir rolla 11872)
- Suíomh:
- Carraig na Siúire, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá áit i gCo. Corcaighe a bhfuil an t-ainm seo air, "Coiscéim na Caillighe", agus seo é an sgéal atá i mbéal ná ndaoine faoi an chaoi a bhfuair an áit an t-ainm sín.
Sán áit séo tá céim ann agus ailltreacha móra árda ar dhá thaobh na céime agus abha ag rith tríd 'na lár thíos. Do réir an scéil i n-aimsir na bhFiann chuir na Fianna Fútha tamall 'san áit. Bhí sean-chailleach san gcomhúrsanacht a thuit i ngrádh le Oscar Mach Oisín agus cé bith áit a dtéighidís casfaí an chailleach orra.Níor thaithnigh sín go ró-mhaith le hOscar. An lá áirighthe seó bhíodar ag dul a' seilg. Chonnaic Oscar an chailleach ag teacht fá n-a dhéin. Níor theastuigh uaidh castáil uirtí ach ní raibh dul as aige mar léimeadh sé treasna na h-abhann o'n aill i bhfus go dtí an aill thall. Thug sé faoi n-a dhéanamh acht theip air agus isteacht 'san abhainn leis.(leanann ar an chéad leathanach eile)