Scoil: Convent of Mercy, Carraig na Siúire (uimhir rolla 11872)
- Suíomh:
- Carraig na Siúire, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ait comhnuidhte do Muinntir Daltún do b'eadh Bessborough fado - Cill Daltún a b'ainm do'n áit ag an uair sin. Caitlicig dilse do b'eadh na Daltúin.Taréis ionnsuidhe na Carraige do bhronn Cromail talamh agus tigh Cille Daltún ar Ponsonby de bharr gur éirig leis Carraig do ghabhail dhó. Nuair a thánaig Cromail agus a saighdiúirí go dtí Cill Daltún do chuir an sean fhear - Daltún - agus a inghean fáilte rompa agus thugadar gac compórd dóib le súil go saibhailfí iad. Níor dhein Cromail ach a chur inúil do Daltún gur feallaire é agus narbh' fada go mbeadh sé ar crochadh o'n dair a bhí in aice an tige. Ac do labhair Ponsonby ar a shon agus ghlaoidh Cromail ar ais é agus thug sé cead do Dhaltún agus a inghean fanacht sa chomharsanacht nó dul thar lear go dtí aon tír ba mhaith leó.Bhí áthas ar Daltún agus ar Winifred, a inghean nuair nár rabhadar cun bheith curtha cun báis, cé gur chailleadar gac a raibh sa saoghal seo. Ac d'iarr Ponsonby orta fánacht leis sa tigh ar feadh tamaill. Cailín Deas lághach a b'eadh Winifred agus bhí súil aicí agus ag gac aenne go bposfad Ponsonby í.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Peig Ní Laighin
- Inscne
- Baineann