Scoil: An Churrach (Crogh), Árd Fhionáin (uimhir rolla 7911)
- Suíomh:
- An Currach, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: Mícheál Ó Dubhshláine
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Churrach (Crogh), Árd Fhionáin
- XML Leathanach 323
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
- XML “Seanfhocal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí mangaire ag dul ó Dúngarbhán go...”
Bhí mangaire ag dul ó Dúngarbhán go dti Cluain Meala lá. Do chas ministéar leis ar an mbóthair. Bhí cruinneal fé an dtrucail aige an mangaire agus do thuit an cruinneal marbh ar an mbóthair. Ar bhfuair tú an sagart ar sa'n ministear. Ní fhuair ar sa'n mangaire mar Sasanach ba eadh é.(gan teideal)
“Bhí sagart pharóiste ag dul an bóthar. ...”
Bhí sagart pharóiste ag dul an bóthar. Thainigh sé suas le garsún a bhi crúisgín biocaile ar a drom aige. Cad atá sa chrúisgín agat arsa' sagart. Tá bally ho agus gló agus tá fagar na h-oidhche ann agus na dhiaidh san tá an diabhail agus mí-ádh ann. Tá go deimhin ar an sagart. An tú a bhí indiaid na bó seo ar sa'n sagart. Ní headh ar sa buachaill ach a earball.- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Faisnéiseoir
- Tomás de Búrca
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Cnoc Bhaile an Oidhre, Co. Thiobraid Árann