Scoil: Scoil na mBráthar
- Suíomh:
- Tiobraid Árann, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: An Br. C.B. Ó Cuinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- De'n tsean-mhainistir so a buignigheadh san tríomhadh aois déag ní'l fágta anois ach stuagh aonraic ar an dtaobh deis de'n sruthán, an Ara. Bóthar na Mainistreach agus Scoil na Mainistreach a tugtar ar an mBóthar agus ar a Scoil atá comhgarach do'n stuagh. San tríomadh aois déág do bunaigheadh an Mhainistir seo, ach do ghlach an Rialtas Gallda í nuair do thárla an t-Atharú Creidimh.Tá scéal sa timcheallacht a deireann gur dhein na Manaigh na Cailisí Órda is na Gréithrí luachmhara eile do chur i bhfolach fé'n sean-stuagh atá fágta fós. Tháinig fear neamh-eaglach dos (?) leis féin, a treó agus in am mharbh na h-oidhche. Do thosnuigh sé ag rómhar is ag leaghaint na Stuagha. Um éirghe na gréine do sguir sé, agus gan an obair críochnuighthe aige. An Oidhche na diaidh siúd do fuair sé an Stuagh agus gach cloch 'na h-áit ceart arís, oiread agus nár leag sé lámh ortha. Do chuir sin sgrannradh air, agus d'éirigh sé as an obair.