School: Scoil na mBráthar

Location:
Tipperary, Co. Tipperary
Teacher:
An Br. C.B. Ó Cuinn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0578, Page 159

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0578, Page 159

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil na mBráthar
  2. XML Page 159
  3. XML “Seanmhainistir d'Ord Naomh Aibhistín”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. De'n tsean-mhainistir so a buignigheadh san tríomhadh aois déag ní'l fágta anois ach stuagh aonraic ar an dtaobh deis de'n sruthán, an Ara. Bóthar na Mainistreach agus Scoil na Mainistreach a tugtar ar an mBóthar agus ar a Scoil atá comhgarach do'n stuagh. San tríomadh aois déág do bunaigheadh an Mhainistir seo, ach do ghlach an Rialtas Gallda í nuair do thárla an t-Atharú Creidimh.
    Tá scéal sa timcheallacht a deireann gur dhein na Manaigh na Cailisí Órda is na Gréithrí luachmhara eile do chur i bhfolach fé'n sean-stuagh atá fágta fós. Tháinig fear neamh-eaglach dos (?) leis féin, a treó agus in am mharbh na h-oidhche. Do thosnuigh sé ag rómhar is ag leaghaint na Stuagha. Um éirghe na gréine do sguir sé, agus gan an obair críochnuighthe aige. An Oidhche na diaidh siúd do fuair sé an Stuagh agus gach cloch 'na h-áit ceart arís, oiread agus nár leag sé lámh ortha. Do chuir sin sgrannradh air, agus d'éirigh sé as an obair.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish