Scoil: Scoil na mBráthar
- Suíomh:
- Tiobraid Árann, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: An Br. C.B. Ó Cuinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil na mBráthar
- XML Leathanach 165
- XML “Mo Cheantar Féin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tiobroid Árann iseadh ainm an cheanntar na bhfuilim im chómhnuidhe. Paróiste Naomh Mhíchíl 'seadh ainm an paróiste. 'Se an barúntacht é ná barúntacht Clann Liam. Biodh tighthe beaga agus ceann tuighe ortha fadó ach anois bíonn na tígthe go léir mór. Bíonn cúpla úrláir i gcuid de's na tighthe agus bíonn ceann slinne ar gach tigh san áit anois.Bhí alán sean-daoine san áit ach tá siad go léir ag fághail bhais le déanaighe. Tá seanfhear amuigh fé'n dtuaith agus tá a lán seana scéalta aige. Gaedhealgóir is-eadh é. Tá seana chabhlach in-aice an bhaile ar a gléudhtar An Mhainistir agus do chómhnuigheadh sa goirt ann fadó. Tá sráid in-aice leis ar a glaodhtar, "Sráid na Mainistreach."In am an gorta 1846-1848 d'imthigh a lán daoine ón áit seo go Sasana agus America, go mór-mhór America. Is beag daoine atá san áit nach bhfuil gaol eigin aige ins na tíortha san. TáTiobraid Árann suidhthe i lár Machaire na Mumhan. (AN ARA)Is beag abha atá san ach "An Ara." Tá "Tobar Arann" in-aice abha "An Air" (?) agus is ó'n dtobar san a fuair "Tiobraid Árainn" a ainm.Liam Ó Ríain, Corróg Mór, Tiobraoid Árann
- Bailitheoir
- Liam Ó Riain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Corróg Mhór, Co. Thiobraid Árann