Scoil: Scoil na mBráthar
- Suíomh:
- Tiobraid Árann, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: An Br. C.B. Ó Cuinn
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0578, Leathanach 186](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0578%2FCBES_0578_186.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0578, Leathanach 186
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil na mBráthar
- XML Leathanach 186
- XML “Scéal Sprideanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Aon uair amháin, bhí feirmeoir agus tríur fear amuigh i bpáirc Uí Ragaillige i mBaile Nua i gcontae Tiobraid Árainn, ag baint prátaí. Do bhíodar ag obair an lá go léir, acht do chuadar isteach i gcóir dinnéir, agus níor thuit aon rud amach dos na prátaí. Do chuadar amach tar éis an dinnéir agus thosnuigheadar ag obair arís. Tar éis tamaill, tháinig an cáilín aimsire amach leis an dté. Do shuidh an feirmeoir síos, leis na fearaibh, agus annsan do chuir an cáilín aimsire amach an té. Nuair a bhíodar a' ól, do chonnaiceadar bean is fiche agus aprúna bána ortha ag piocadh na bprátaí. Do bhí eagla ar gach duine dul in aice leo. Dubhairt an feirmeoir go mbeadh na prátaí go léir imithe, agus do shiubhaladar amach as an bpáirc. Do bhí dearmad ortha do bhí na prátaí go léir ann, gan aon cheann bheith imthighthe.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Criostóir de hÓgla
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Seoidh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Sulchóid Bheag, Co. Thiobraid Árann