Scoil: Eidhneadh, Inis (uimhir rolla 14622)
- Suíomh:
- Eidhneach, Co. an Chláir
- Múinteoir: Ss. Mac Gearachaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)173
Baile Dubh
Talamh bhocht, dhubh atá insan áit seo agus dóghadh an talamh in am na gorta.
Drom-coll- án.
Ta cnoc leathan ,fada, íseal ann agus fásann coll go flúirseachann.Ní commnigheann ann acht aon chlann amháin.
Gleannta Sméara.
Ta na gleannta deasa le feiscintsan áit seo agus áit thorchamhail iseadh an áit.Fásann sméara dubha go flúirseach san áit seo.
Múchna.
Áit uaigneach ,fhiadhan, fhliuch in iarthar na parróiste iseadh an áit seo.
Do chomhnuig Naomh Múchna san áit seo fad ó agus tá tobar ann ar a dtugtar Tobar Múchna.
Ros Conaill.
Tá an ros le feiscint san áit agus ba le Muiris Ó Conaill an talamh fadó.