Scoil: Eidhneadh, Inis (uimhir rolla 14622)
- Suíomh:
- Eidhneach, Co. an Chláir
- Múinteoir: Ss. Mac Gearachaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 176
Mainistir,Teampuill.
Teampull Dubh na h- Eidnighe.
An sean eaglais abhí in Eidhnigh, Teampull Dubh na h Eidhnighe a tugtar air.Tá fothrach an teampuill le feiscint fós istigh i gceart lár na reilige ( féach léar-scáil) bhí sé clúdaighthe le h-eidhneán agus déanta de chlochaibhmóra breághtha dubha,agus sin é an fáth gur tugadh an t ainm Teampall Dubh na h-Eidhnighe air. Mainistir de'n Ord
Proinnsis Naomhtha.
In Inis seadh bhi mainistir ag na manaigh seo ach is minic a sagairt seo ar fuad na tuaithe ,agus i measg na ndaoine ag múineadh ,ag teagasc,agus ag guidhe .Nuair a dóghadh an mainistir a bhí acu in Inis ,theicheadar ,agus fuaradar loisdín annso in annsúd i measg na ndaoine.Bhí tigín nó bóthán acu in Árd- an -Mhachaire (1/2 míle ón gcrosaire(leanann ar an chéad leathanach eile)