Scoil: Eidhneadh, Inis (uimhir rolla 14622)
- Suíomh:
- Eidhneach, Co. an Chláir
- Múinteoir: Ss. Mac Gearachaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Eidhneadh, Inis
- XML Leathanach 205
- XML “Cistí Óir i mBóta”
- XML “Ciste Óir i mBóta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)205
iarracht eile chun an t-óir a fhágháil .Tá poll le feiscint indiu san áit 'nar chuarduigheadar agus tá crann sgeithe gile ag fás inaice an phuill - Ciste Óir i mBótaFadó bhí coill in aice an tsráid -bhaile seo,Eidhneach.Do bhí an choill i dtalamh Sheáin Uí Mharnáin i mBóta .Aon lá amháin
do bhí fear darbh ainm Mícheál De Bhuinn ag obair sa choill ag gearradh adhmaid.Sa tráthnóna nuair a bhí sé ag dul abhaile chonnaic sé ciste óir fé chrann.Do cheangal se súgán mór-thimcheall an chrainn ar intinn teacht arís fé dhéin an óir
agus gasra a thógaint leis. Nuair a chuaidh sé ar ais arís agus an sluasad aige d'imigh se fé dhéin an chrainn (go) gur cheangal sé an súgán leis, ach bhí súgán ceangailte le gach crann agus tor sa choill.B'éigean dó filleadh abhaile arís gan aon rud a fhágháil.