Scoil: Eidhneadh, Inis (uimhir rolla 14622)
- Suíomh:
- Eidhneach, Co. an Chláir
- Múinteoir: Ss. Mac Gearachaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Eidhneadh, Inis
- XML Leathanach 248
- XML “Áitainmneacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)248
féachann sé dorcha.
Ceapach Caolaighe = gairdín beag in a mbíodh cabáiste curtha ann fadó is eadh é agus ba le muinntir Caolaighe é.
Garraidhe Caonala=Do chómhnaigh muinntir sa pháirc seo fadó.
Cabhal Eoghain=Bhí tigh ag fear darbh ainm dó Eoghan sa pháirc seo fadó.is le muinntir Dubhgháine an páirc.
Garraidhe Árd=Páirc an-árd is eadh an pháirc seo agus bhí gáirdín ann fadó.
Páirc a' Tobair=Is amhlaidh atá tobar fíor uisge sa pháirc seo.
An Cairrigín=Páirc go bhfuil a lán carraigeacha agus tor agus crann ann is eadh an páirc seo .Áit uaigneach 'san oidhche is eadh é agus bíonn solus le feiscint ann gach oidhche timcheall ar a dó-deag a chlog.
An Cillín=Tugtar an t-ainm seo ar reilg beag atá suidhthe leath-slighe idir Eidhneach agus droichead na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Éigeartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Seoladh
- An Machaire, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Seán Ó h-Éigeartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- An Machaire, Co. an Chláir