Scoil: Eidhneadh, Inis (uimhir rolla 14622)
- Suíomh:
- Eidhneach, Co. an Chláir
- Múinteoir: Ss. Mac Gearachaigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0612, Leathanach 254](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0612%2FCBES_0612_254.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0612, Leathanach 254
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Eidhneadh, Inis
- XML Leathanach 254
- XML “Ainmhithe Allta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)254
Do bhí tigh an madra ruadh ag bruach aille chontabhartach agus nuair a bhíodh na madraí ar a thóir do rithidís le fórsa mór idtreó na haille agus do chaití síos iad agus deintí píosaí dá gcnáma i gcoinnibh na gcairrig ag bun na haille.Seo é an cleas a bhí ag an madra ruadh chun dul isteach in a nead gan aon díobhál do. Bhí craobh beag ag fás ós cionn na nide agus gach uair gur mhaith leis an madra ruadh dul isteach thóffadh sé greim ar sin len a bhéal agus léimfead sé isteach.
Arís agus arís eile do deineadh an madra ruadh do fiadhach ach do mharbhuigheadh gach cú agus madra a chuaidh in a dhiaidh agus níorbh fhéidir le héinne a dhéanamh amach connus bhí an madra ruadh ag teacht saor gach uair .Fé dheire do fuaradh amach an cleas a bhí aige agus do ghearradh an craobh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Éigeartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Seoladh
- An Machaire, Co. an Chláir