Scoil: Synge, Inagh (uimhir rolla 14440)

Suíomh:
Glennageer, Co. an Chláir
Múinteoir:
Máirtín Flynn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0612, Leathanach 304

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0612, Leathanach 304

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Synge, Inagh
  2. XML Leathanach 304
  3. XML “Sceach Mhac an Chró”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    scith a dhéanamh ar feadh tamaill bhig, acht do thosnuigh sé arís, agus fá dheireadh bhí an leac le feiscint aige.
    Ní gan obair d'iompuigh sé suas í. Bhí sé cinnte go bhfeicfeadh sé corcán lán d'ór, acht mo chreach ghéar chráidte, ní raibh fuithi acht cré agus gainimh. Bé sin deireadh a chreideamhaint i dtaidhbhreachtaíbh.
    Do thug sé isteach an leac leis, agus chuir le hais na teineadh í, acht níor chuir sé níos mó suime ar fhortún d'fhagháil go bog réidh.
    D'fhan an scéal mar sin ar feadh seachtmhaine nó dhó go dtí aon lá amháin do bhuailfeadh chuige acht scoláire bocht.
    Bhí Seaghán na suidhe síos ag ithe a dhinnéir. Do shuidh an scoláire bocht síos agus bhí sé ag féacaint ina thimcheall. Do chonnaic sé an leac. D' fhéach sé go géar uirthi.
    Maiseadh, Cá bhfuair tú an leac so? ar seisean le Seaghán nach aisteach an rud atá sgríobhtha uirthi. Céard é arsa Seaghán. Níor thug mé fá ndeara riamh é.
    Is sonaidhe an taobh eile ná an taobh so arsan scoláire bocht ag léigheamh an sgríobhadh bhí ar an leic.
    Do thuig Seaghán ar an láthair an bhrígh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1645: The Treasure at Home
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Sceach Mhic Conchró, Co. an Chláir