School: Synge, Inagh (roll number 14440)
- Location:
- Glennageer, Co. Clare
- Teacher: Máirtín Flynn
![The Schools’ Collection, Volume 0612, Page 304](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0612%2FCBES_0612_304.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0612, Page 304
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Synge, Inagh
- XML Page 304
- XML “Sceach Mhac an Chró”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)scith a dhéanamh ar feadh tamaill bhig, acht do thosnuigh sé arís, agus fá dheireadh bhí an leac le feiscint aige.
Ní gan obair d'iompuigh sé suas í. Bhí sé cinnte go bhfeicfeadh sé corcán lán d'ór, acht mo chreach ghéar chráidte, ní raibh fuithi acht cré agus gainimh. Bé sin deireadh a chreideamhaint i dtaidhbhreachtaíbh.
Do thug sé isteach an leac leis, agus chuir le hais na teineadh í, acht níor chuir sé níos mó suime ar fhortún d'fhagháil go bog réidh.
D'fhan an scéal mar sin ar feadh seachtmhaine nó dhó go dtí aon lá amháin do bhuailfeadh chuige acht scoláire bocht.
Bhí Seaghán na suidhe síos ag ithe a dhinnéir. Do shuidh an scoláire bocht síos agus bhí sé ag féacaint ina thimcheall. Do chonnaic sé an leac. D' fhéach sé go géar uirthi.
Maiseadh, Cá bhfuair tú an leac so? ar seisean le Seaghán nach aisteach an rud atá sgríobhtha uirthi. Céard é arsa Seaghán. Níor thug mé fá ndeara riamh é.
Is sonaidhe an taobh eile ná an taobh so arsan scoláire bocht ag léigheamh an sgríobhadh bhí ar an leic.
Do thuig Seaghán ar an láthair an bhrígh(continues on next page)