Scoil: Synge, Inagh (uimhir rolla 14440)
- Suíomh:
- Glennageer, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máirtín Flynn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)A thriath uasal, a ua na riogh
A bláth-córoin Cinn Choradh
Tá scéal agam le cur i mbrígh
Go gcead dod ghrinn a chaomh-churadh.Och, indiu is crádh lem chroidhe,
Nach léir dom scéal go beacht do luadh
Is tláith 's is faon mo leannán laoidh
S gan agam scáil d'oirchiste suadh.An scéal atáim le hinnsint duit.
Ba dheas ré rádh i rian na rann.
Acht tá easba an ghrinn de shíor dom lot.
S cruadhas an tsaoghail dom crádh na cheann.Ba gnaoi liom innsint duit i ndán,
Mar chuadas ar lorg scéal na bhfiann
Tré ghleanntaibh diamhra Chnuic Cholláin
i ngach ceard in a raibh a rian.Do chuala féin 's ba chian re clos.
Tracht ar Ogham leica Chonáin
Idir éigse thall 's i bhfus
S í dá luadh i mbéal aláinCuid dá rádh na raibh i dTuamhuin
Fear leighte laoid na leice(leanann ar an chéad leathanach eile)