Scoil: Synge, Inagh (uimhir rolla 14440)
- Suíomh:
- Glennageer, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máirtín Flynn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Gan an leag do leagadh ar an leacht
Gus an feart do deilbheadh suas mar bhí.Do shioras iad go dearbh dian
S mé i bpian i gcroidhe s i méin
I n-ainm Fhinn s éacht na bhfiann
S Chonáin Mhaoil Mhic Mhóirne féin.Daontuigh cách go preab dom ghlór
S dubhairt gach n-aon díobh le greann
Gach cloch do chur na ionad éin
S an liag do thógáil as an gleann.Tógtar linn idir ár lámhaibh
Go buaile bláth na Gréine
An leathan liag, ba throm le rádh
Go Tulaigh Aird na Féinne.Deintear linne suas an feart
S an liag mharmhair air mar díon
Gidh nach maoidhteach mise as mo neart
Maoidhim le mórtas feabhas mo bhuidhean.Tomastar linn an liag na chlodh
Bhí troigh na haoirde dúinn
Aon troigh déag a faid, ní gó
S trí lán troigh na treasna anonn(leanann ar an chéad leathanach eile)