Scoil: Dubhlinn (B.), Inis (uimhir rolla 4870)

Suíomh:
Dúlainn, Co. an Chláir
Múinteoir:
Tadhg Ó Seasnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0617, Leathanach 048

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0617, Leathanach 048

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dubhlinn (B.), Inis
  2. XML Leathanach 048
  3. XML “Nósa na Samhna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 48
    Nósa na Samhna
    Croctar ubhall ó'n a fraigteaca agus bionn gach aonne agus a béal osgailte aige ag iarraidh an t-ubhall do thógant in a béal.
    Bhí fear ann fadó darb ainm Seán agus bhí sé 'na comhnuidhe in aice na fairrge agus bhí sé ag obair go dian gach uile lá agus bhí sé 'na aigne teacht suas ar leipreachán agus bhí sé á rádh leis féin dá meadh an méid sin ádh air teacht suas beadh sé griobin go deó le ór agus airgead.
    An oidhche seo bhí le teacht bhí sé ag feachaint amac leis Oidhche Samhna agus bhí sé ag cuimhneamh ar an plean is fearr a dhéanamh cun teacht suas leis.
    Nuair tháinig an oidhche bhí sé ag fanacht in aice na teine agus nuair a bhí sé ag dul i bhfad san oidhche d'airigh Seán gleó is mó a d'airigh aoine riam ag teacht anuas simne. Cuaidh Seán i bfolach sa cúine agus i gconn tamaill beag chonnaic sé an fear bídeach agus caipín dearg air ag suídhe in aice na teine amac.
    Bhí dá mála óir agus airgead aige.
    Bhí Seán ag féachaint air do dhein sé léim as an gcúine agus tháinig sé anuas ar an dá mála.
    Nuair connaic a leipreacán é do leig sé spean as agus suas an simne leis. D'fhág sé an dá mála in a dhiaidh. Nuair bhí an baircacn imighthe bhailigh Seán an t-airgead.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Oíche Shamhna (~934)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Aguistín Maoldhomhnaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile Uí Choileáin, Co. an Chláir