Scoil: Scoil Bhríde, Liosceannúir

Suíomh:
Lios Ceannúir, Co. an Chláir
Múinteoir:
Dónall Ó Seasnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0618, Leathanach 019

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0618, Leathanach 019

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Bhríde, Liosceannúir
  2. XML Leathanach 019
  3. XML “Amhrán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Amhrán (ar lean)

    Tá an saoghal sain chrádh shum chlaoidh gach lá

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    (bhéarsa a 3)
    Níl plannda carthannach don árdfhuil ceannasach
    agus leabhra t-seannchuis do gníos díoghbháil
    acht clanna fleascaigh agus pocán ghairride
    do cheannuigheas talamh agus gníos contáil ( a uclim)
    bíonn an uaisle á mbreabadh acu agus a gcuid le fán
    nó gur labhair ár n-athair gheal atá sna flaithis thuas
    gus anuas do leagadh iad nuair a thóg sé a lámh
    bhéarsa a 4
    Ní hí an chuan áthais do buidhn ta láidir
    bfuil mar guidh 'eacht árd futhaibh agus Capalines
    Na bochtáin cráidhte bheith gá ghlaoidh gach lá acu
    is a gcuid le fán ar fud an t-saoighil
    mar tiocfaidh lá oraibh t-réis a mbáis
    fé chois den árd mhic nár ghlac riamh fías
    Acht seo mo lamh díbh más fíor Dlighe an Phápa
    go dtriallfaidh a lán acu an bealach síos
    Bhéarsa a 5
    Is áit an dorcha é ní gnáthach solus ann
    acht teinte loisghithe mar a mbíonn daoine dá ndóigheadh
    dá mhéid e mbailleachas ins an saoghal seo ar airgid
    ní leigfear leath phinginn leo síos mar lón
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Mairtín Maicín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    77
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Caherbarnagh, Co. an Chláir