Scoil: Ardee (De la Salle) (uimhir rolla 2094)
- Suíomh:
- Baile Átha Fhirdhia, Co. Lú
- Múinteoir: Br. P. Ó Scannail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ardee (De la Salle)
- XML Leathanach 082
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí sagart Paróiste i mBaile Mhúirne fadó agus nuair cailltí duine ...”
Bhí Sagart Paróiste i mBaile Múirne fadó agus nuair cailltí duine dha paróisteánaigh, seo mar a d'iarradh se paidreacha an phobail Dia Domhnuig.
D'éag D. Ó M. an tseachtmhain seo chaithte. Bhí aithne mhaith agam air mar níl tor ná crann ná poll sa paróiste ná go bhfuil fhios agam. Fear maith macánta riaghalta críostamhail do' eadh é. Tá súil agam go bhfuil a anam i bhFlaitheas Dé, áit na bhfuil a shólás go h-aoibhinn. Ach mar sin féin éisteann Dia le guidhe na ndaoine, agus cuirimse fé n bhúr nguídhe-se é. Tá súil agam go ndeanfaidh gach n-aon dá bhfuil im láthair a n-urnaithe agus a n-ímpídhe do chur i láthair Dé ar a shon, ghá iarraidh ar Dhia féachaint air le úile na Trócaire; ghá iarraidh Air má tá aon smól ar a anam é ghlanadh; ghá iarriadh ar Dhia na Glóire sólás compórd agus glóire síoraídhe na bhFlaitheas do thabhairt d'á anam.
Amen.(gan teideal)
“Seo é an cómhairle a thugadh an sagart ceudna do'n lánamhain a bheadh tar éis a phósadh.”
Seo é an cómhairle a thugadh an Sagart ceudna do'n lánamhain a bheadh sé tar éis a bpósadh.
Seadh anois a Sh. Ní nÉ, an cailín ba mhúinte béasaidhe a bhí sa pharóiste agam, agus a Sh. Uí Sh. tá n sibh pósta anois agam. Téighiridh abhaile agus ná bídhidh cas cealgach colgach scolbach ceann-dána do-shásta ná dothígheasach, Ach bidhidh fonnmhar suairc i gcómhluadar a chéile. Beannacht Dé agaibh agus mo bheannacht-sa