Scoil: Gortloney (uimhir rolla 11978)

Suíomh:
Gortloney, Co. na Mí
Múinteoir:
Eoghan de Buitléir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0716, Leathanach 154

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0716, Leathanach 154

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gortloney
  2. XML Leathanach 154
  3. XML “Fobhar Fheichín, Contae na hIarmhí - Béaloideas ag Baint leis”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Is dócha gur chuala gach duine trácht ar "Seacht n-ionghantaisí an domhain", ach is beag duine, sílim, taobh amuigh de Chonndae na hIarr Mhíde, b'fhéidir, go bhfuil "Seacht n-ionghantaisí Fobhair ar eolas aca. "Seadh, a dhuine, tá a leitheád ann cinnte, agus seo iad de réir mar a cuimhnighim orta:-
    I
    An muileann gan sruth leis an roth do chasadh
    II
    AN t-uisge nach féidir é do beirbhiú
    III
    An t-adhmad nach féidir é do dhoigheadh
    IV
    An mainistir atá tógtha ar pháiste talmhan réidh tirim i lár portaigh
    v
    An chloch a chaith Naoimh Feichín thar Cnoch na Beinne
    VI
    An chloch mhór throm a chuir Naomh Feichín ós chionn dorais a teampuill.
    VII
    Nach mbeidh Fobhar gan bhaintreabhach coidhche baineann furmhór na n-iongantaisí seo le taisbeántas comhachta Naoim Feichín agus miorbheult tabhactach a b'eadh an chéad cheann, i tdaobh an muileann gan sruth. Seo é an sgeul atá ag baint leis, agus is fíor áluinn an sgeul é.
    Bhí an lín-tighe manach i bhFobhar an-mhór
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge