Scoil: Gortloney (uimhir rolla 11978)

Suíomh:
Gortloney, Co. na Mí
Múinteoir:
Eoghan de Buitléir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0716, Leathanach 160

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0716, Leathanach 160

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gortloney
  2. XML Leathanach 160
  3. XML “Fobhar Fheichín, Contae na hIarmhí - Béaloideas ag Baint leis”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ná Naomh Feichín 'na sheasamh le h-ais dorais a theampuill agus aingeal Dé ag glachadh na cloiche móire ó na lámha agus gá sochrú 'san áit cheart
    Tá sé sin le feiceál lá ar bith a bhuaileann an cúairteoir isteach i dteach an phobail i bhFobhar. Comhartha cuimhneacháin 'seadh é do mhórdhacht an Naoimh agus comhartha é freisin go bhfuil bród agus muinghín ag muinntir na h-áite as a Naomh féin fiú indiú, gidh go bhfuil trí aois deug caiththe ó bhí a chosa beannuighthe ag siubhal anonn is anall 'san áit ceudna.
    Is greannmhar ar fad an iongantas deire, sé sin nach mbeidh Fobhar gan baintreabhach coidhche ach an rud is aite de, is fíor é. Is dócha go bhfuil cuis eigin leis, gur chuir duine eigin an mallacht sin ar an áit am éigin, ach má tá, tá dearmad déanta air anois. Pé sgeul é, níor chuimhnigh na daoine is aosta ar an mbaile ar am ar bith nach raibh baintreabhach ann agus tá aithne agam féin, anois ar mhnaoi áirithe a chomhnuidheann 'san mbaile agus tá sí tar éis a fear-cheile do chailleadh le cúpla mí anuas, ar deis Dé go raibh a ainm! Agus seo thuas seacht n-iongantaisí Fobhair Feichín.
    Ach tá a lán beal-oideacais seachas sin ag na sean-daoine i dtaobh Fobhair. Deireann cuid aca go raibh an baile mór Fobhair suidhte fadó 'san áit a bhfuil Loch Léin anois, agus gur feidir le duine
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge