Scoil: Gortloney (uimhir rolla 11978)

Suíomh:
Gortloney, Co. na Mí
Múinteoir:
Eoghan de Buitléir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0716, Leathanach 162

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0716, Leathanach 162

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gortloney
  2. XML Leathanach 162
  3. XML “Fobhar Fheichín, Contae na hIarmhí - Béaloideas ag Baint leis”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    cillín an dithreabha. Bhí an cillín seo an-chaol agus íseal agus bhí ar an ndithreabh mionna a thabhairt gan dul amach doras a chillín arís go dtí lá a bháis. Bheireadh muinntear na h-áite biadh agus deoch dó agus chaitheadh sé a am go léir ag rádh a phaidreacha agus ag machtnamh ar Dia. Bhí cáil mhór ar na dithreabhaibh Fobhair agus tá cur síos ortha ag a lán stáirithe go mór mhór ag Éinri Mac Piarsach. Sílim gurbh é Pádruig Beiglín an duine deireannach dóibh.
    I mbéal oideas na sean-daoine tá sgeul greannmhar ach truaighmhéalach go leor i dtaobh duine des na dithreabhaigh seo. Nuair a bhí sé 'na bhuachaill óg bhí an-duil aige 'san bhfiadhach. Lá amháin do thárla sé agus é 'na dhithreabh sa chillín gur tháinig fuaim binn an coirn agus glór na madadh fiadhaigh chuige ar an ngaoith ó threó na Beinne. D'aithbheodhaigh an sean-duil san bhFiadhach 'na chroidhe an an bpoinnte! Ba mhian leis dul ar thoir an fhiadhaigh. Chuimhnigh sé ar an mhionn a thug sé, gan dul thar doras a chillín, go dtí lá a bháis, bhí sé i sáinn críochnuighthe. Ach fuair sé reidhteach ar an sgeul san bhfuinneoig. Amach leis ar an bhfuinneoig sin agus do rith sé i ndiaidh an Fhiadhaigh, é ag ráth leis féin gur choimeád sé a mhionna de bhrígh nach ndeachaidh sé amach doras a chillín, do lean sé an fhiadhach tímceall dhá mhíle, ach nuair do tháinig sé chomh fada le h-áit éigin i
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge