Scoil: Clonmellon (B.) (uimhir rolla 9500)
- Suíomh:
- Ráistín, Co. na hIarmhí
- Múinteoir: P. Ó Droighneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)isteach san áit seo mar oibridhthe. Prátasúnaigh a b'eadh furmór mhuinntir an tsraid-bhaile ar dtús agus bhí sgoil Phrátástunach fa n-a gcoinne san toigh a bhfuil sgoil na mbuachaillí fá láthair. Ní rabh roinnt ar bith ag Chapmans leis na natives, go bhfios domhsa, agus na Caitlicigh a tugadh obair dobhtha, táthar domh gur mheas na Chapmans iad a bheith do-thionntuightghe o'n Chreideamh agus go rabh fonn tionntuighthe- chreidimh (Proselytism) ag gabháil dobhtha (tuilledh fá seo ar ball). Ma's amhlaidh a bhí, rinne sé slat a sgúir é féin, nó thionntuigh cuid mhór Prátastúnach, le h-imtheacht na h-aimsire, le bheith in-a gCaitlicigh agus tá an Creideamh Gallda lag go leór san áit anois.Tuigfear ó seo nach bhfuil muinntir Chluain Mioláin "préamhuighthe san ithir" agus nach bhfuil mórán béaloidis ag baint leobhtha. I lugha ná sin a bhfuil dúil acú ann mar bheáloideas. Ní thuigtear ce'n fáth a gcuirfidhe suim ann agus níl meas madaigh ag n-a bhfurmór air. Ach taobh amuigh de'n bhaile tá an sean-saoghal Gaedhealach i réim chomh maith a's tá in -áit ar bith in Éireinn taobh amuigh de'n Ghaidhealtacht. Níl muinntir an bhaile níos mó ná glún nó dó ar suibhal' o'n sglabhiudheacth a chuir "the Lord of the Manor" orthú. Níl meas caillte acú ar an tsean am a rabh "gintleman" os a gcionn agus tá an galldachas go mór ag cur as dobhtha go fóill. Chan mar sin do mhuinntir na tuaithe thart timcheall: daoine bochta, fosgailte neamh-spleadhacha, Gaedhealacha is mó ata annsin. Chaith Brian O hUigín (Brian na Banban) tamall ar an bhaile so mar bhuachaill-siopa (thigh a mhuinntir o'n dúthaigh thart timcheall) agus thuig sé "an baile beag Gallda sin "mar ainm air agus é ag cainnnt liom mar gheall air bíodh seo mar léithsgeál aguam fá'n ghanntanas fhíor-bhealodis atá sá leabhar seo.