Scoil: Clonmellon (B.) (uimhir rolla 9500)
- Suíomh:
- Ráistín, Co. na hIarmhí
- Múinteoir: P. Ó Droighneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Bhí sgoil na mbuachaillí faoi Mháiistir Phrátastúnach ó tharla gur de'n Chreideamh an bunadhas na mbuachaillí sgoile. Tógadh teach na sgoile sa bhliadhann 1803. Lá amháin nuair a chuaidh an sagart Paróisde (an Sagart O h-Éilidhe) isteach innte fuair sé "tracts" (duilleóigíní Prátastunacha) i lámha a chomh-chreidimhthe óg annsin. Bean-uasal de chuid na Chapmans a Rann orthí iad. Chuir an sagart na sgolairí Caitlíceacha 'na seasamh láithreach bonn agus shiubhail sé amach leobhtha. Ní dheachaidh siad arais annsin. Bhí sgoil na gCailíní san áit a bhfuil sé go fóill agus í faoi Mháighistreas Chaitlecigh (Sílim). Roinneadh an sgoil sin in-a dhá leath agus cuireadh na buachaillí Caitliceacha isteach i leath-amháin díthe(?) leobhtha féin feasda. Tamall in-a dhiaidh sin fuair an sagart an sgoil eile arais faoi n-a stiúir (mar Sgoil Náisúinta). Máighistir Caitliceach a bhí in-a(leanann ar an chéad leathanach eile)