Scoil: Dalystown (uimhir rolla 15307)
- Suíomh:
- Baile Uí Dhálaigh, Co. na hIarmhí
- Múinteoir: Kathleen Grehan
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dalystown
- XML Leathanach 004
- XML “Scéal faoi Bhád Rí Maolseachlainn”
- XML “An tArán a Bhíodh acu ins an tSeanaimsir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal faoi Bhádh
Rígh Maolseachlainn
1014-1022
Bhí fear ag obair ar bhruach Loch Ailllinne agus thárla do a bheith ag corruigh an ghainimh ar chaoi eicint, agus casadh ar bhádh é a bhí go domhain síos ins an ngainimh thóig sé anios í agus píosa de chrann darach a bhí innti bhí sí tríochadh troigh ar faid, agus deirtear go bí bád Rígh Mhaolseachlainn a bhí innti. Bhí daoinibh as gach áit ag teacht i breathnú uirthi, acht sa deire gearradh suas í agus rinneadh umar muice de phíosa di, agus tá an fear a rinne é agus a fuair í beó fós, gur b'ainm dó.
Seósamh Ó Cionáith - 70 bl.
An Loch,
Baile Dalaigh
An Muilleann Cearr. - Ní bhíodh mórán plúir aca agus seard a dheanfidís fataí a bhruith agus annsin gráinne beag plúir a chur orra. Daoine seard a dheanfidís an craiceann a bhaint de na fataí fudra, píosa stáin a fhághailt agus poill a chur ann agus annsin na fataí a(leanann ar an chéad leathanach eile)