School: Dalystown (roll number 15307)
- Location:
- Baile Uí Dhálaigh, Co. na hIarmhí
- Teacher: Kathleen Grehan
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dalystown
- XML Page 006
- XML “Leigheas le haghaidh Easbaidh”
- XML “Crann Railleoige”
- XML “Ráite Seandaoine”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)leigheas agat.
- Níl mórán sliabh ar bith nach bhfuil roileóg ag fás, acht sé an mhéid no an aoirde céadna a tá sé ins gach áit. Deirtear gur ar chrann roilóige a céasadh Ár dTiaghrna agus nach fhás sé ó shoin i leith acht in a chraoibhíní beaga.
- Maidin Lá Bealtaine is beag duine a éirigheas go moch ar maidin. Deir siad go dtiocfadh na síoga no na liopracán isteach. An oidhche roimhe báineann siad géága caorainn agus cuireann siad ar bhárr an dorais agus ar bhárr dhoras na mbéithibh é, ar fhaitchios go d'tárlócadh aon rud dóibh. Déanann sé gad dó freisin agus cuireann siad ar an gcoineóg é agus ar láimh na gcannaí a mbíonn siad ag bleághan na mbéitibh ionnta é. An chéad lá de'n bliadhain ní chuireann siad amach smúdar nó an deanach a sguaban siad do'n úarlár ná an luath, mar bíonn siad ag ceapadh go mbeadh siad ag cur amach gach rud as an teach(continues on next page)