School: Baldwinstown
- Location:
- Baile Bhaldain, Co. Loch Garman
- Teacher: Ristéard Mac Plib
![The Schools’ Collection, Volume 0876, Page 394](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0876%2FCBES_0876_394.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0876, Page 394
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baldwinstown
- XML Page 394
- XML “An Taibhse Mallaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Murcada a bhí ann [?] an t-am sin - tháinig sé ag [m]arcaideacth [?] ar capall an lá san. Chuaidh sé fé dhéin an sprid - tháinigh sé anuas ó'n gcapall - léig sé paidreaca fada ó leabhar mór a bhí aige, dhein sé fiogar na Croise os cionn na h-áite le h-uisge coisrighthe agus le linn dó é sin a dhéanamh d'eirig an spiorad is d'imtigh ó rádarc.
Ach is doca gurbh leasg leis an áit d'fhágaint agus de réir na sean-daoine, dfhág an sagart an áit ró-luath, is dócha nach raibh an spiorad imthighthe agus le linn do'n capall bheith ag teacht timcheall an cuinne i mbaile an Cléirig, scannruigeadh an capall, leagad an sagart is básuigeadh é ar an mbóthar. Is dócha gurbé an spiorad malluighthe, ar fágaint na h-áite dó, a scannruig an capall. Ach a bhuide le Dia, ní fhaca éinne an spiorad ó shoin i leith. Is dócha gur cuiread go h Ifrean é, an áit a bhfearr adhoir dó.- Collector
- Máire Ní Furlang
- Gender
- Female
- Informant
- Nioclás Breathnach
- Gender
- Male