Scoil: Durrow
- Suíomh:
- Darú, Co. Uíbh Fhailí
- Múinteoir: P. Ó Coinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Durrow
- XML Leathanach 150
- XML “Limistéar Dharmhágha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (*Tuilleadh béaleasa indeireadh an leabhair)Taobh tíre í seo atá suidhte ar thaobh thuaidh na Tulaighe Móire - idir í agus Cill Bheagáin. Mágh atá innti ach amháin go ngabhann cnámha loma n- Eiscir Riada tríthi. Beag nach tré na lár snigheann abha bheag ar a tugtar "Silver River". (-) Talamh air a furmór agus claoidhtear go mór le saothrughadh talmhan.Eolas agus béaloideas annso thíos fachta ó Phadruig Ó Muineog. (-) sean fhear go bhfuil ceithre scór a seacht de bhliadhntaibh aige. Is cuimhin leis lá adhlactha An Athar Uí Reachtarbhuigh. Cuireadh é siúd sa bhliadhain 1857 nuair a bhí Pádruig ceithre bliadhna d'aois. Bhí sé inbaclainn mná éigean a deir sé agus is dócha gurab é fuaitheantas (?) agus radhairc ar mheirgí lá a churtha a dhaingnigh a mheabhrughadh ann.
Lord Norberry "The Lord's Hill"Tá fána bheag leis an mbóthar a ghabhann thar scoil Darmhága idtreo na Tulaighe Móire agus "The Lord's Hill" a tugtar air. Lord Norberry a beadh an "Lord". Bhí comhnuidhe air sa Darmháigh agus fuatuigheadh leis na daoine é - go mormhór na tuinidhthe. Ach dá olcas Lord Norberry ba mheasa seacht n-uaire a mhaor. (Garvey) a b'ainm do siúd. Ba mhór a fheirm - agus tá fós ag a shíolraidh. Tá, mheasfainn, idir 800 agus míle(leanann ar an chéad leathanach eile)