Scoil: Durrow
- Suíomh:
- Darú, Co. Uíbh Fhailí
- Múinteoir: P. Ó Coinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)óir b'iad san an bheirt fhlatha go raibh a dtuatha ar gach taobh (beagnach) den árdán réamhluaidhte. Agus ó is minic giota talmhan di bheith in a chnámh spáirnne idir bheirt, bfhéidir gur deineadh annso socrughadh idir an bheirt acu.
Nó b'fhéidir gur sia siar théigheann sé agus go mbíodh mion aonach ann tráth.Cheistigheas a lán fé agus chuaidh a réidhteach sa mhuileann ortha. Dá mb'fhíor do sgéal an Niallaigh fé cheapfá go mbéadh fios a gharmtha ag foth dhuine feín. - Abha d'fo-aibhntibh na Sionainne í agus ghabhann sí tríd an Darmháigh.Minic cheapaim go mba cheart a h-ainm Gaedhealach d'fhagháil agus go mbfhada an lá a h-ainm Gaedhealach dá gairm uirthi. Níor chualas aon ainm Gaedhealach fúithi ach amháin tugtar ar an droichead uirthi - idir Fána na Scoile agus an Tulaigh Mhoír -
"Gormagh Bridge"
Droichead na Gormágha ?B'fhéidir gurab í siúd ainm a céad - ainmnighthe. B'fheídir gur tiontoódh ón(leanann ar an chéad leathanach eile)