Scoil: Cuar an Chláir (C)

Suíomh:
Cuar an Chláir, Co. an Chláir
Múinteoir:
Máiréad, Bean Uí Mháirtín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0631, Leathanach 168

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0631, Leathanach 168

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cuar an Chláir (C)
  2. XML Leathanach 168
  3. XML “Scéal a Fuaireas ó m'Athair”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí buachaillín beag dána sa cheannta so timcheall fice's a cúige bliadhain ó shoin. Bhí dúil mhór aige sa chártaí agus bheig gá n-imirt cartaí gach oidhche. Aon oidhche amháín bhí sé ag dul thar fothracha sean-tighe, agus chonnaic sé fear in a sheasamh ag an doras. Bhí bórd beag in aice leis agus bhí coinneal ar bhoiscín. Nuair a bhí an buachaillín ag teacht i ngiorracht dó d'fiafruigh an fear de an imreóchadh sé cluiche cártaí leis. Dubhairt an buachaill dhána go n-imreóchadh. Bhíódar ag imirt annsan go mbuaidh sé ar gach a riabh ag an stroinséar. Nuair a bhi an garsún ag imtheacht d'fhiafruigh an fear de an dtiocfadh sé an oidhche in a dhiaidh sin. Dubhairt an garsún go dtiochfadh.
    Tháinig agus bhuaidh sé arís. D'fhiafruigh an fear arís an dtiocfhadh sé an tríomhadh oidhche. Dubhairt an garsún go dtiocfadh. Ar maidin an lae sin dubhairt an garsún le'n a mhathair cad a thuit amach. Do chomhairligh sé é dul fé dhéín tighe an t-sagairt agus an sgéal do chur fé na bhrághaid.
    D'fhiafruig an sagart de an ragadh sé an oidhche sin. Dubhairt go ragadh. Do thug an sagart comhairle dó a bheith go cúramach agus in'a n-abrochaidh sé.
    "Taim briste," abair leis "go mait tógfaidh mé an coinneal sin" agus tóg.
    Tháinig an oidhche, bhí an beirt ag imirt mar ba ghnáthach go raibh an buadh arís ag an garsun.
    "Táim briste," ars an fear
    "All right" ars an buachaill, "tógfaidh mé an coinneall sin"
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Loinghsigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cuar an Chláir, Co. an Chláir