Scoil: Cuar an Chláir (C)

Suíomh:
Cuar an Chláir, Co. an Chláir
Múinteoir:
Máiréad, Bean Uí Mháirtín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0631, Leathanach 170

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0631, Leathanach 170

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cuar an Chláir (C)
  2. XML Leathanach 170
  3. XML “Scéal a Fuaireas ó m'Athair”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Timhcheall fice agus a ceathair bliadhain ó shoin i mí Deireadh Foghmhair bí fear in a chomhnuidhe i gCubhar a Cláir. Thuit a inghean tinn agus dubhairt a bhean leis dul fé dhéin an dochthúra, bhí sé an-olc ar a do dhéag ist'oidhche. Fuair an fear boct a capall, do léim sé in áirde ar an gcapall agus as go bráth leis i dtreó Cill Ruis. (Tá an baile sin trí míle ó Chubhar a' Cláir). Ní raibh sé imtighthe ac míle nó mar sin ón áit nuair do shrois sé lios athá ar thaobh an bóthair. Tháinigh bean bheag amach roimis ar an mbothar agus d'fhiafruigh sí de cá raibh sé ag dul. Dubairt sé lé go raibh sé ag dul fe dhéin dochtúra go raibh a inghean cun bháis d'fhághail. Dubhairt sise leis nár aon mhaith dul níos sia mar ní raibh aon mhaitheas le déanamh ag an dochtúir dí. Bhí an fear bocht i cruaid cás agus dubhairt sé leí go ragadh sé. Dubairt sise aris teacht anuas de'n chapall agus fanamhaint go dtiocfad sí thar n-ais. D'imthigh sé leí fé dhéin na leasa arís. Tháinig sí thar n-ais. Thug sí buidéilín do agus dubhairt leis ceithre braoinín dó a thabhairt dó'n cailín tinn. Chuaidh sé abhaile. Ní raibh an bhean chéile sásta leis an meid do thuit amach agus b'éigean d'on bfear mbocht dul arís ar an mbóthar fé déin an dochtúra.
    Nuair a tháinig an dochtúir dubhairt sé go raibh an cailín ag fághail bháis agus ná raibh aon rud an a chumhas le déanamh dí agus go mbéadh sí marbh ar a cheathar a clog ar tráthnóna. Dubhairt an fear ná mbéad mar go raib buidéal leisighthe aige. B'fhior do-san.
    Tug sé ceitre
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Cáit Midheach
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cuar an Chláir, Co. an Chláir
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Midheach
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cuar an Chláir, Co. an Chláir