Scoil: An Corrbhaile
- Suíomh:
- An Corrbhaile, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máirtín Mac Coitir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Corrbhaile
- XML Leathanach 315
- XML “Áitainmneacha - Paróiste Chill Ard”
- XML “An Corrbhaile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)i dtír ar an gcarraig seo.(70) CEANN DÚN MHÓIR:Sé seo cinn-tíre atá níos sia amach sa bhfairrge ná aon cheann eile.
(71) BEANNCHOR FODH-DEIRE:Nuair a tháinig Crochán, Sáil agus Daithlionn go Ceann Léime do thógadar a gcaisleán treasna muineíl na leith-innse agus ní raibh cead ag aoine dul níos sia amach ná na caisleáin seo. Áit an-gharbh seadh é.
(72) BAILE UA h-ÓRÁÍN: (?)Bhí treabh annso de mhuinntir Oraín. Ba leo an aít seo.
(73) DUNACH BUIDHE:Talamh bocht atá san aít seo ar a bhfásann aiteann agus fraoch. Tá dath buidhe ar an gcré leis.
(74) CORR-BHAILETá cor ar an mbothar o Chill Chaoidhe agus idir an dá chor tá baile beag suidthe ar a tugtar Corr-bhaile. Deirtear go dtáinig Naomh Breandaín istea ann uair amhaín ag lorg fear le h-aghaidh Seóltóireachta. Tá tobar beannuighthe ann freisin ar a tugtar Tobar Bhreandaín. - 16.11.1937 Máire Ní EochaidheTá Corr-bhaile suidhe cois na fairrge Móire ar iomall-bhord iarthar an Chláir. Sé an fáth go tugtar(leanann ar an chéad leathanach eile)