Scoil: Scattery Island
- Suíomh:
- Inis Cathaigh, Co. an Chláir
- Múinteoir: Nóra Ní Cholgáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scattery Island
- XML Leathanach 088
- XML “Rinceoirí Mórchlú”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Rinnceóirí mór clú:B'é Peaitsin Ó Braonáin an rinnceóir ab fhearr a bhí riamh in Inis Chathaigh. Ba ghnathach leis babhta rinnce a dheánamh i sráideanna Luimnighe. Nuair a théigheadh sé suas ann i luing, agus nuair a bhíodh críochnuighthe aige théigheadh sé mór-thímcheall le n-a chaipín ag bailiú airigid. B'é an fear seo a dhein rinnce don phort sidheógach "An ghaoth (anair) aniar andeas" an oidhche úd.
Rinnceóir maith freisin a beadh Senán Ó Scannláin. Bhí sé chomh h-iongantach, chomh cos-eadtrom san go gcuirtí i náirde ar bhórd é chun babhta rinnce a dhéanamh. D'éag sé cúig bliadna déag ó shoin agus an chlann a fhág sé in a dhiadh, is mór i an tsuim(leanann ar an chéad leathanach eile)