Scoil: Ceathair Dhúin Iascaigh (B.)
- Suíomh:
- An Chathair, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: Liam P. Ó Conchubhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bacach na Léige “A bhean a’ tighe shéimh cuir do dhéirc amach cun a’ daill,
Olann nó líon nó píosa de’n mhuic ar an oidhean,
Sgilling de’n chíos má chidheann Dia ‘gat é ‘san adairt,
Ní chuirfir go bráth é níos fearr ná cuid do roinnt”. “A bhacaigh na léige ní binn liom eisteacht le do ghlór
Bhí do bhean annso indé is tú féin indiu le na bonn”
“Ta mo bean-sa sa chré mo léir is leac le na ceann
Is dá chómhartha san féin tá an léine dubh ar mo dhrom” “Níl neart agam féin ort a laogh, mar a mblaisfidh tú beoír
Níor rug an chearc mhaol sa druimfhionn donn óg.
Tá olann mo chaorach go léir amuigh in Newport.
Nuair a chasfaidh tú glaoidh is beidh déirc in aisge ‘gam romhat” Ar mo charadh dhom, ghlaodhas, bhí laogh ag an druimfhionn á seól
Rug an chearc mhaol is bí dosaon breagh ubh aici im chóir
D’altaigheas mo dhéirc is léigh mé an t-sailm in a cóir
Bhi bean a’ tighe buidheach dom is í treillicí * sodar im dheóigh *'Treillicí' a fuaras - bfhéidir gur 'tadhlacií' badh cheart annso(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál Ó Dubhshláinghe
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Ruaidhri Ó Corbáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile Uí Bhéacáin, Co. Thiobraid Árann