School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- Location:
- Dún Átha, Co. an Chláir
- Teacher: Ed J. Headtromóin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- XML Page 222
- XML “An Cholera 1847, 1848 in Iarthar an Chláir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)nuair do cailleadh iad. Théighidís ionntha féin agus thagadh "dubh" éigin ar an gcroiceann.Cailín aimsire bréagh, dhathamhail, láidir i mBille (Bella, Carrigaholt) ag obair leath'smuigh de tigh nuair a bhi an Relieving Officer ag dul thar an tígh. Tráthnóna lae ar an bhaireach ba h-é an chéad iarratas fuair sé ná Cómhra Shaor do solathair don chailín sin.Bhí alán tighthe ar an mBóthar Cois Sionainne ó Dhúnátha go Cuibhreann le na linn sin. Bean ag dul abhaile oidhche tríd na bpairceanna agus leanbh na bhaclainn aici. Maidin lae ar na báireach fuairtheas corp na mná sa pháirc agus an leanbh ag rith ar fúaidh na páirce.Sagart a bhí "briste" ag an Easbog (toisc é bheith tugtha don ól) an tÁth Ó D... Maidin le linn don cholera chuaidh sé go Carraig a' Chabhaltaig agus bhuail ar an gcéad doras. Dóscladh sé acht nuair chonnaic bean a' tíghe cé bhí ann dún sí arís go tapaidhe. Chuaidh sé tríd an "Bóthar Cnidhe" (Sráid i gCarraig a' Cabhaltaig) agus bhuail sé ar doras eile arís. Bhí eagla ar bhean a' tighe é a leigint isteach toisc go raibh a cúigear mac in a lúighe leis an gColera. "Á" leig isteach go fóil mé " ar san Sagart. "Táim tuirseach". Leigeadh agus lá ar na báireach bhí an cuigear mac na sláinte arís acht leath'stig de bliain cailleadh fear - ceile na mná eile leis an nGorta.(continues on next page)
- Collector
- Seán Ó Duibhir
- Gender
- Male
- Address
- Cill Chaoi, Co. an Chláir