Scoil: Kilbaha

Suíomh:
Cill Bheathach, Co. an Chláir
Múinteoir:
Pádraig Ceitinn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0633, Leathanach 383

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0633, Leathanach 383

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Kilbaha
  2. XML Leathanach 383
  3. XML “Tomhasanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 1. Fear fada fionn 'na sheasamh sa n gleann
    Gan dada 'na cheann acht diabail agus deamhain?
    Feochadáin.
    2. a. Capall bán sa loch agus ní fhliuchainn sí a cos?
    An Gealach.
    b. Braitlín bhán ar thaobh an teampaill?
    Gealach.
    3. Trí chos anáirde,
    Dhá chois ar talamh,
    Ceann an fhir beo.
    I mbéal an fhir mairbh?
    Corcán ar cheann an fhir.
    4. Feuch sa cuinne agus céad súil air?
    Corcán áirthe.
    5.Lán na páirce
    De buaibh bhána
    Agus bó mhór dhearg
    Eatorra istigh?
    De cuid fiacal agus do theanga
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge