Scoil: Kilbaha
- Suíomh:
- Cill Bheathach, Co. an Chláir
- Múinteoir: Pádraig Ceitinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sa tsean aimsear, sar do deineadh mórán úsáid do thé, chuaidh beirt fhear ó Coill Bheatach ag díol prátaí go Cill Rúis aon lá amháin. D'éirigh leo na prátaí do dhíol agus airgead maith d'fhágail ortha. Annsan chuadar isteach i dteach bídh agus d'órduig siad béile aráin agus té. Bhí an fonn ortha an té do thaistéal, cé nár blas siad riamh é.
Do leag bean an tighe anuas arán, im, siúicre, bainne, agus corcán té ar an mbórd, agus dubhairt sí leo "Sweeten to your likeness. Ní raibh aon Béarla aca agus níor thuig siad an bhean. Mar sin níor cuireadar aon siúicre san dtae. Ar an adhbar sin fuaradar blas searbh air, d'imthigheadar amach go mí-shásta mar níor b'fhéidir leo an taé searbh d'ól.
Chuadar isteach i dteach eile agus dubhadar le bean an tighe arán agus tae a chuir i gcóir dóibh. Do leag sí arán, im ar an mbórd dalta an céad mnaoí, ach chuir sí dhá spuinneóg siúicre i ngai cupán agus dubhairt leo "Ólaigí suas é, sin é an Congo is fearr". Do thaithin an tae go mór leo agus bhíodar lán sásta leis an mbéile. Ag imeacht amach(leanann ar an chéad leathanach eile)