Scoil: Béal Feirsde / Belfarsad (uimhir rolla 16374)
- Suíomh:
- Béal Feirste, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Prionnsias S. Ó Gallachobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)(srón adadh.)
41. Céard atá níos Doimhne ná an fhairrge (a tóin)
42. Céard atá níos áirde ná an bhó (a géim.)
43. Ceathar ag rith ceathar ar crith beirt ag faire agus slat ag lubhadh taobh thiar dhóibh = bó ag rith.
44. Cé'n chead rud a rinne tú nuair a bhí t ú ág - d'fág tú áit dó cheann eile
45. Cé'n rud a rughadh agus nár cailleadh go fóill = tú fhéin.
46. Má vhaitheann sé díreach ní mhaireann se i bhfad - cipín soluis.
47. Cé'n rud a théigheann idir dhá chrainn agus a tigheann abhaile idir dhá usice = fear ag caiteadh uisce i gcana
48. Bíonn sé san fhéir agus ní gearrtar é tá sé san loch agus ní bháidtear é = tuair - cheatha.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáitlín Ní Sheoighe
- Inscne
- Baineann