Scoil: Béal Feirsde / Belfarsad (uimhir rolla 16374)

Suíomh:
Béal Feirste, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Prionnsias S. Ó Gallachobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0085C, Leathanach 19_018

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0085C, Leathanach 19_018

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal Feirsde / Belfarsad
  2. XML Leathanach 19_018
  3. XML “Liosanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    “Sídhe an Áird mhóir”. Tá sidhe an áird móir suidhte i bPollraithnigh ag bun an chnuic. Tá cuma chruinn air. D’iarr me ortha an raibh bannc cré no claidhe no crainn thart air. Dubhairt siad nach raibh. Níl fhios ag na sean-daoine cé rinne an sidhe seo. D’iarr me ar na sean-daoine cé an fáth á rinne an sidhe agus dubhairt siad nach raibh fhios aca. D’iarr mé ar na sean-daoine an raibh baint ag na Tuatha de Danann no ag na Lochlannaigh agus dubhairt siad na raibh. Chonnaic fear sollas ins an lios oidhche amháin. Chualaidh mé sean-daoine ag rádh gur connaic síad an sidhe lasta oidhche amháin. D’iarr me ar na sean-daoine an raibh sgéal ar bith ag baint leis an sidhe agus dubhairt síad nach raibh. D’iarr mé ortha ar chuir duine ar bith isteach ar agus dubhairt síad nár chuir duine ar bith isteach air.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. áiteanna osnádúrtha agus spioradálta (~158)
        1. ráthanna (~5,616)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Ó Ceamarcaig
    Inscne
    Baineann